Skip to main content

Ambassadors

Sibéal de Spáinn

Sibéal is ainm dom, tá mé 8 mbliana d’aois agus tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath.  Is breá liom a bheith ag snámh, ag déanamh ealaíne agus ag taifeadadh cláir raidió. Is aoibhinn liom scéalta grinn a insint agus tomhais a chur ar dhaoine. Is sa bhliain 2022 ar Raidió Rí-Rá a rinne mé mo chéad chlár raidió. (Is stáisiún ceoil a bhfuil an-ráchairt air é Raidió Rí-Rá a chraolann i nGaeilge.) Bím sásta agus airím go hiontach go bhfuilim ag cuidiú leis an domhan nuair atáim ag déanamh ealaíne.

Is í Niamh Ní Chróinín mo laoch cruthaitheachta  –  mar go mbíodh sí ar Raidió Rí-Rá agus tá sí ar Cúla 4 anois agus is breá liom na físeáin chruthaitheachta a dhéanann sí. Is éard atá i gceist le bheith cruthaitheach ná gur féidir leat do shamhlaíocht a chur ag obair d’fhonn nithe éagsúla a dhéanamh. Tá mé ag taifeadadh don chlár ‘Is Mise’ ar TG4 agus tá mé ag tnúth go mór é a fheiceáil ar an teilifís.

My name is Sibéal, I’m 8 and I live in Dublin.  I love swimming, making art and recording  radio shows. I love telling jokes and riddles. I made my first radio show in 2022 on Raidió Rí-Rá. (Raidió Rí-Rá is a hit music station that broadcasts in Irish.) Making art makes me feel great and happy and that I am helping the world.

My creative hero is Niamh Ní Chróinín – because she was on Raidió Rí-Rá and now she is on Cúla 4 and I love the creative videos which she makes. Being creative means that you can use your imagination in order to do different things. I am recording for ‘Is Mise’ on TG4 and I’m really looking forward to seeing it on television.

Read more about all of our Cruinniú na nÓg 2023 Ambassadors.

Find a host of fantastic, free Cruinniú na nÓg events near you.

More Ambassadors