Skip to main content

Ag Foghlaim agus ag Fúáil Le Chéile

  • Workshop

Beidh na páistí ag obair leis an ealaíontóir AnnMarie Horan agus an ealaíontóir Karena Ryan ag foghlaim scileanna fúála, ag foghlaim faoi luibheanna dúchasacha agus ag cruthú obair phaiste le chéile. Cuirfidh siad a saothar bunaithe ar na luibheanna dúchasacha le chéile mar obair ealaíne. Beidh tuiscint níos doimhne acu ar thábhacht na scile seo i dtaobh fad a bhaint as éadach, obair dheisiúchain, cothú na timpeallachta, dathanna, patrún. Beidh orthu a bheith samhlaíoch, cruthaitheach agus iad ag pleanáil, ag dearadh, ag dathú, ag tomhais, agus ag foghlaim cén chaoi snáth agus snathaid a úsáid, úsaidfidh siad scileanna mínluaileacha agus deaslamhachachta, scileanna a sheasfaidh leo. Cuirfidh siad a saothar ar taispeáint. Spreagfaidh an tionscnamh seo féinmhuinín, comhoibriú, cruthaitheacht.

Tabhair do d’aire, tá an ceardlann seo dírithe ar dhaltaí Scoil Naomh Ciarán. Níl sé oscailte don phobal.

Suíomh gréasáin Scoil Naomh Ciarán

Venue

Scoil Naomh Ciarán
Cill Chiaráin
Conamara
Co. Galway
H91 T65O

08 May 2023 - 10 Jun 2023

10.00AM - 3.00PM

Age range

5-8

9-12