An léitheoir óg thú? Sa tóir ar shraith nua? Bréan de na leabhair i do leabhragán féin? Buail isteach chuig Clinic na Leabhar le Leabhair Pháistí Éireann! Beidh dreas cainte agat leis an Dochtúir Leabhair, agus tar éis duit a insint dóibh cad iad na leabhair is ansa leat, tabharfaidh siadsan oideas léitheoireachta duit, le líonadh i do shiopa leabhar nó leabharlann áitiúil!
Tugann na Dochtúirí Leabhair ag Leabhair Pháistí Éireann treoir ar leabhair do pháistí agus do theaghlaigh. Tar éis comhrá bhig sciobtha, bíonn na Dochtúirí in ann a machnamh a dhéanamh ar an bpointe – a bhuí leis na cotaí bána is dócha! – agus amach leo le moltaí den scoth de na leabhair is fearr do léitheoirí óga, is cuma cén aois. Bíonn fáilte roimh gach teaghlach ag Clinic na Leabhar, is cuma faoi chumas nó míchumas, riachtanais, nó bacainní léitheoireachta. Fágann gach páiste Clinic na Leabhar lena n-oideas léitheoireachta pearsanta agus le cóip de Threoir Léitheoireachta Leabhair Pháistí Éireann.
Maireann gach coinne leis an nDochtúir Leabhair 10 nóiméad. Má tá níos mó ná léitheoir óg amháin agat ag iarraidh labhairt leis an Dochtúir Leabhair, cuir coinne ar leith in áirithe do gach páiste.
Oiriúnach do pháistí de gach aois
Áit: Leabharlann Ráth Chairn
Dátaí: 10 Meitheamh 2023
Am: 11:30 – 15:30
Tá áiteanna teoranta. Le haghaidh ainm do pháiste a chlarú cuir glaoch ar leabharlann Ráth Chairn 046 9430929
This is a public event and a photographer will be present.
Clink link for more information and booking details