Skip to main content

12 June 2021

Lá Amuigh Faoin Spéir

  • Workshop

“Lá Amuigh Faoin Spéir” – Tóraíocht Taisce don Teaghlach.

Beidh ócáid speisialta ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta mar chuid de Chruinniú na nÓg ar an 12 Meitheamh i mbliana. Deis iontais an dúlra agus an nádúr a thabhairt faoi deara – éin, bláthanna, crainn, ainmhithe, feithidí srl. trí bheith ag spaisteoireacht leis an gclann cois trá nó cois locha, ar phortach nó sliabh, i gcoill nó i ngleann nó ag láthair oidhreachta.

Beidh na gasúir ag foghlaim faoi chúrsaí timpeallachta agus an tábhacht a bhaineann leis le linn na hócáide seo, gan trácht ar an deis aclaíochta a bheidh ann do theaghlaigh i gcomhluadar a chéile agus iad amuigh faoin aer.

Cláraigh anseo anois le deis a fháil páirt a ghlacadh san ócáid spraíúil seo agus seolfaidh muid tuilleadh eolais faoin Tóraíocht Taisce chugaibh.

Gheobhaidh na teaghlaigh a ghlacann páirt pacáiste tóraíochta agus beidh orthu pictiúr den cheantar agus liosta a sheoladh chugainn den méid a fheiceann siad ar an #tóraíochttaisce – éin, bláthanna, crainn, ainmhithe, feithidí srl. go WhatsApp 087-2461685 – Ná déan dearmad ainm do theaghlaigh agus ainm na háite a chur leis!

Foirm Chlárúcháin Thuismitheoirí na Gaeltachta



Online Event

12 Jun 2021 - 12 Apr 2021

10.00AM - 5.00PM

Age range

All ages