Skip to main content

12 June 2021

TG4

  • Workshop

Beidh ceiliúradh á dhéanamh ar lá náisiúnta cruthaitheachta na hÉireann do leanaí agus do dhaoine óga ar an 12ú Meitheamh san fhéile bhliaintiúil Cruinniú na nÓg agus deis do chách faoi 18 féith na cruthaitheachta a chur ag obair.

Déanfaidh TG4 i bpáirt leis an gClár Éire Ildánach na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ceiliúradh ar Cruinniú na nÓg 2021 le sraith nua Cruthaím agus dráma Gaeilge do dhéagóirí ar Tik Tok. Is léargas ar chruthaitheacht agus ar nuálaíocht an óige a bheidh i gCruinniú na nÓg. Is é an t-aisteoir óg as Conamara Ruarc Ó Confhaola atá ina ambassadóir na Gaeltachta 2021.

Díreoidh Cruthaím aird ar óige na hÉireann le daoine óga sna ceantair Ghaeltachta ach go háirithe, agus caithfear solas ar a mbeocht agus agus ar na talainn ar leith atá acu. Beidh Gaeilgeoir óg amháin as gach contae chomh maith le duine amháin as an líon mór daoine óga ónár diaspóra ag léiriú a gcruthaitheacht i sraith fiseán a chraolfar ar Youtube Cúla 4 ón 2ú Meitheamh go dtí an 12ú Meitheamh. Tabharfar glór don óige agus deis ar leith iad féin a chur i láthair agus a léiriú céard é an chruthaitheacht dóibh.

Den chéad uair riamh, léireofar dráma i nGaeilge don ardán Tik Tok do Cruinniú na nÓg. Scéal grá na Debs idir Gillian agus Séamus a léireofar sa dráma seo. Is faoin haishchlib #Fairytale a bhfuil tóir air ar Tik Tok a bheidh an dráma seo. Craolfar an dráma ina míreanna ar Tik Tok bloc_tg4 ón Satharn 12 Meitheamh. Is é an scríbhneoir agus stiúrthóir Philip Doherty, stiúrthóir cruthaitheach Samhlú 2020 a chruthaigh an dráma seo i bpáirt le daoine óga. Iarrfar ar an lucht féachana a bheith páirteach agus a ndrámaí féin a chruthú agus clibeáil a dhéanamh ar @bloc_tg4 agus #Fairytale.

Creativity will be unleashed around the country on Saturday 12th June with Cruinniú na nÓg 2021!

TG4 in partnership with the Creative Ireland Programme of the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, will celebrate Cruinniú na nÓg 2021 with a new creative series for children Cruthaím and a Tik Tok Drama for teenagers.

Cruinniú na nÓg will be a reflection of youth creativity and innovation. Ruarc Ó Confhaola, a seven year old actor from Connemara, who is no stranger to TG4’s Cúla4 ar Scoil is one of three ambassadors this this year’s Cruinniú na nÓg. 

Cruthaím will highlight the talent of young Irish speakers across the country and in Gaeltacht areas and their unique creative processes. One young Irish speaker from each county and a representative from the diaspora of Irish speakers will showcase their creativity in the series of videos that will be broadcast on Cúla4’s Youtube channel from the 2nd of June to the 12th of June.  Young people will be given a voice and a unique opportunity to show what creativity is to them.

For the first time ever, a Tik Tok drama will be produced in Irish as part of this year’s Cruinniú na nÓg.  The drama will use the popular trend #Fairytale on Tik Tok to tell the love story of a Debs Fairytale or a classic teenage romance for the TikTok Age – featuring Gillian and Séamus. The drama will be published on Tik Tok bloc_tg4 in segments from Saturday 12th June. This fun, hyper and energetic drama has been developed by young people and mostly only features young people. It was was created by writer and director Philip Doherty with input and collaboration with young people. Philip Doherty was the Director of the award-winning Samhlú 2020 which was broadcast on TG4 last December.  The audience on Tik Tok will be encouraged after watching the drama to create their own content using the hashtag #Fairytale and tag @bloc_tg4.



Venue

04 May 2021 - 12 Jun 2021

12.00AM

Age range

All ages