Ceiliúradh ar chruthaitheacht agus an teanga le linn Cruinniú na nÓg
I mbliana, beidh Cruinniú na nÓg, lá náisiúnta cruthaitheachta na hÉireann do leanaí agus do dhaoine óga, ar siúl ar an Satharn 13 Meitheamh 2020. Beidh an teanga ag croílár an cheiliúradh i mbliana, le himeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na tíre. Beidh imeachtaí ag díriú ar chuile cheird agus aoisghrúpa – cluichí a chódú, eitleoga a dhéanamh, damhsa a fhoghlaim, scéalta a scríobh san áireamh.
De bharr na srianta sláinte
poiblí atá i bhfeidhm i láthair na huaire, tá Clár Éire Ildánach agus
comhpháirtithe an chláir ag iarraidh go mbeidh leanaí agus daoine óga ábalta
dul i mbun na cruthaitheachta ina dteach agus ina ngairdín féin.
I measc na himeachtaí Gaeilge
beidh:
Céilí
sa Chistin: Iarrann muid ar leanaí,
daoine óga agus a muintir céilí a bheith acu ina gcistin féin do
Chruinniú na nÓg. Beidh Áirc Damhsa á threorú tríd an traidisiún Gaelach a
bhaineann leis na himeachtaí sóisialta poiblí seo agus muid ag fanacht sa
bhaile.
Bí
i do Choimeádaí Scéil:Tá Fighting Words agus
Great Lighthouses of Ireland ag tabhairt cuireadh do scríbhneoirí óga idir 7
agus 12 bliana d’aois a bheith ina gCoimeádaithe Scéil – scéal a chumadh ina
bhfuil tionchar tithe solais le brath air. Is áiteanna iad tithe solais atá lán le
hiontas, áiteanna a choinníonn daoine slán agus iad á dtreorú ó bhaol agus iad
ar thuras farraige.
Cuir
Aip Físchluiche le chéile: Dá mbeadh tú ábalta
d’aip físchluiche féin a chruthú, cén sórt aip a bheadh inti? Cuir scéal againn
agus in éindí le Whizz Kids Training trína Seomra Ranga Fíorúil, cuideoimid le
daoine óga cuairt a thabhairt ar dhomhan dearaidh bogearraí le 4 rang éasca.
Filíocht le Branar Téatar: Beidh
scríbhneoirí agus ealaíontóir ar nós Inni-K, Mary Murphy, Tadhg Mac Dhonnagáin
agus Liz Weir ag cruthú filíochta nua i nGaeilge agus i mBéarla. Beidh na dánta
agus scéalta nua a chur i láthair i gcomhar leis an ealaíontóir Maeve Clancy
agus ar fáil ar líne.
Tá Clár Éire Ildánach i gcomhar
le hÁirc Damhsa, Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann, Great
Lighthouses of Ireland, Fighting Words, Whizz Kids Training agus RTÉ ar cur
tacaíochtaí agus acmhainní ar fáil ar líne chun a chur ar chumas leanaí agus
daoine óga féith na cruthaitheachta a chur ag obair. Tugtar cuireadh do chách
ár gcultúr agus an chruthaitheacht a cheiliúradh agus páirt a ghlacadh ar líne
anois agus muid ag fáil faoi réir do Chruinniú na nÓg Dé Sathairn 13
Meitheamh 2020.
Beidh tuilleadh sonraí agus
acmhainní ar fáil ar láithreán gréasáin Éire Ildánach agus ardáin RTÉ ó seo go
dtí Dé Sathairn an 13 Meitheamh, an dáta sin san áireamh – téigh chuig cruinniu.creativeireland.gov.ie agus
www.rte.ie. Chomh maith leis sin beidh
údaráis áitiúla ag reáchtáil réimse gníomhaíochtaí cultúir agus cruthaitheachta
agus imeachtaí Cruinniú na nÓg ar líne – beidh na sonraí ar fad le
fáil ar cruinniu.creativeireland.gov.ie.